Treoir Eorpach do Ghairmithe Cúraim Sláinte ar Rúndacht agus Phríobháideacht i gCúram Sláinte
Réamhrá
Tá ceart ag gach othar chun príobháideachta agus chun an ionchais réasúnta go ndéanfaidh an uile ghairmí cúraim sláinte rúndacht a bhfaisnéise pearsanta a choinneáil go daingean. Tá feidhm ag ceart gach othar chun príobháideachta agus ag dualgas an ghairmí i dtaca le rúndacht beag beann ar an fhoirm (mar shampla, leictreonach, fótagrafach, sampla bitheolaíoch) ina ndéantar an fhaisnéis a coinneáil nó a chur in iúl. Tá feidhm ag an treoir seo maidir leis an uile ghairmí cúraim sláinte agus pléann sí le réimsí na rúndachta sa chúram sláinte agus príobháideachta na faisnéise. Is cuid í de na Caighdeáin Eorpacha ar Rúndacht agus ar Phríobháideacht sa Chúram Sláinte, a dhéanann mionléiriú ar an Treoir seo agus a sholáthraíonn Moltaí d’institiúidí soláthraithe cúraim sláinte, bunaithe ar fhorais eiticiúla, dlíthiúla.
Tá Gluais sna Caighdeáin fosta. Tá téacs na gCaighdeán agus na Treorach ar fáil i dteangacha éagsúla ag www.euroscap.org.
Is caighdeáin eiticiúla iad na Caighdeáin Eorpacha go príomha, a forbraíodh laistigh den chomhthéacs dlíthiúil ina ndéanann gairmithe cúraim sláinte cinntí maidir le cosaint, úsáid agus nochtadh faisnéise rúnda. Níl an uile ghairmí cúraim sláinte faoi cheangal ag na hoibleagáidí céanna muiníne, ach tá na hoibleagáidí eiticiúla céanna chun an rúndacht a choinneáil orthu uile.
Tugtar aird mhionsonrach sa Treoir ar riachtanais othar leochaileach. Is mó iad riachtanais othar leochaileach i dtaca leis an rúndacht - tá baol níos mó ann go sárófar í ná mar atá i gcás othar eile. Tá cúram ar leith de dhíth ó thaobh gairmithe cúraim sláinte lena chinntiú go n-urramaítear ceart chun príobháideachta othar leochaileach agus go gcomhlíontar a ndualgas chucu maidir leis an rúndacht.
Sa Treoir seo, breithnítear trí réimse i dtaca le cosaint, úsáid agus nochtadh faisnéise:
- faisnéis othar a chosaint, a úsáid agus a nochtadh ar mhaithe lena gcúram sláinte;
- faisnéis othar a chosaint, a úsáid agus a nochtadh d’fhaisnéis chun críocha cúraim sláinte nach mbaineann go díreach lena gcúram sláinte; agus
- oibleagáidí agus fírinniúcháin i dtaca le faisnéis trína bhfuil an t-othar inaitheanta a nochtadh chun críoch nach mbaineann lena gcúram sláinte.
Faisnéis Othar a Chosaint, a Úsáid agus a Nochtadh — Nithe Ginearálta le Cur san Áireamh
- Príomhphrionsabail na rúndachta cúraim sláinte. Ba cheart do ghairmithe cúraim sláinte na trí phríomhphrionsabal rúndachta cúraim sláinte seo a leanas a urramú.
- Tá ceart bunúsach ag daoine aonair chun príobháideachta agus rúndachta maidir lena bhfaisnéis sláinte.
- Tá sé de cheart ag daoine aonair rochtain ar a bhfaisnéis sláinte féin agus nochtadh na faisnéise sin a rialú trí thoiliú a thabhairt, a choinneáil siar nó a aistarraingt.
- D’aon nochtadh neamhthoiliúil faisnéise rúnda ní mór do ghairmithe cúraim sláinte aird a thabhairt ar a riachtanaí atá sé, ar chomhréireacht an nochta agus ar na priacail a ghabhann leis.
- Tacaíocht do dhaoine leochaileacha. Ba chóir do ghairmithe cúraim sláinte a chinntiú go dtabharfar an tacaíocht go léir is gá do dhaoine leochaileacha chun a chumasú dóibh na castachtaí a bhaineann le saincheisteanna rúndachta a thuiscint agus chun cuidiú leo a mianta a chur in iúl.
- Daoine Leochaileacha a Chosaint. Aon uair a shainaithníonn gairmí cúraim sláinte othar mar dhuine leochaileach, ba chóir go ndéanfaí an tsainaithint, a sainchineál agus an fírinniú atá léi a thaifeadadh, le toiliú an othair nó ionadaí dlíthiúil an othair, ina nótaí cáis.
- Éagumas. Sa chás go síleann gairmí cúraim sláinte go mbeadh nochtadh chun an leasa is fearr d’othar nach bhfuil ábalta toiliú, ba cheart dó nó di seo a lua le hionadaí dlíthiúil an othair (lena n-áirítear tuismitheoir/caomhnóir mionaoisigh). Má dhéantar toiliú an ionadaí dhlíthiúil a choinneáil siar, ba chóir don ghairmí an cleachtadh reatha is fearr ina dtír a leanúint le linn an díospóid a réiteach.
- Cásanna éigeandála. I gcásanna éigeandála, féadfar faisnéis rúnda othair a úsáid nó a nochtadh, ach níor chóir ach an méid faisnéise is lú is gá a úsáid nó a nochtadh chun déileáil leis an chás éigeandála.
- Nochtadh i ndiaidh báis. Ba chóir go gcoinneofaí an rúndacht faisnéise othair i ndiaidh bhás an othair.
- Sa chás go ndearna othar inniúil iarratas follasach sula bhfuair sé nó sí bás go gcoinneofaí a rúndacht, ba cheart go n-urramófaí an t-iarratas sin.
- Sa chás go measann gairmí cúraim sláinte, tar éis d’othar bás a fháil, go bhféadfadh sé a bheith riachtanach nó inmhianaithe nochtadh a dhéanamh, nó sa chás go bhfaigheann sé iarratas ar nochtadh a dhéanamh agus nach bhfuil aon saintreoracha aige nó aici ón othar sin, ba cheart don ghairmí breathnú air seo mar chás nochta fhéideartha do thríú páirtithe nó mar chás nochta ar son leasa pobail atá cosanta le dlí. (Féach pointí Treorach 19-23.)
- Rochtain ag othair ar a bhfaisnéis cúraim sláinte. Ní mór do ghairmithe cúraim sláinte iarratais othar ar rochtain ar a bhfaisnéis cúraim sláinte a urramú agus a n-oibleagáidí dlí faoi dlíthe um Chosaint Sonraí a chomhlíonadh.
Faisnéis Othar a Chosaint, a Úsáid agus a Nochtadh ar mhaithe lena gCúram Sláinte
- Othair a choinneáil ar an eolas. Ní mór do ghairmithe cúraim sláinte a chinntiú go gcuirfear othair agus/nó a n-ionadaí dlíthiúil ar an eolas ar chaoi atá in oiriúint do riachtanais chumarsáide an othair:
- maidir leis na cineálacha faisnéise atá á dtaifeadadh agus á gcoinneáil;
- maidir leis na críocha a bhfuil an fhaisnéis á taifeadadh agus á coinneáil chucu;
- maidir leis an chosaint atá i bhfeidhm chun neamh-nochtadh a bhfaisnéise a chinntiú;
- maidir leis na cineálacha páirtithe faisnéise a tharlóidh go hiondúil;
- maidir leis na roghanna atá ar fáil dóibh faoin tslí inar féidir a bhfaisnéis a úsáid agus a nochtadh;
- maidir lena gcearta chun an fhaisnéis a choinnítear fúthu i dtaifid cúraim sláinte a rochtain agus, nuair is gá, í a cheartú;
- maidir leis an fhaisnéis a cheanglaítear a chur ar fáil dóibh leis an dlí náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/EC i bhfeidhm; agus
- maidir le forálacha nó prionsabail dlí a rialaíonn nochtadh agus a bhaineann go sainiúil leis an tír chuí.
- Ní mór othair, nó más cuí, a n-ionadaí dlíthiúil, a chur ar an eolas maidir leis an pháirtiú faisnéise a bhfuil gá leis le haghaidh cúraim sláinte indibhidiúil an othair. Má chuirtear ar an eolas ar an dóigh seo iad, ní gá toiliú follasach a fháil, is leor toiliú intuigthe le haghaidh páirtiú eiticiúil faisnéise ar mhaithe lena gcúram sláinte.
- Iniúchóireacht chliniciúil. Ba cheart do ghairmithe cúraim sláinte a ndícheall a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil beartais institiúideacha le haghaidh iniúchóireachta cliniciúla ag teacht le riachtanas eiticiúil na rúndachta.
- Cúramóirí. Ba chóir go ndéanfaí na tairbhí a d’fhéadfadh teacht as páirtiú faisnéise lena gcúramóir neamhfhoirmeálta a phlé leis an othar agus/nó lena n-ionadaí dlíthiúil. Ach, cé go bhféadfadh páirtiú faisnéise den sórt sin a bheidh tairbheach, ní fhágann sé sin gur lú dualgas na rúndachta atá ar an ghairmí cúraim sláinte i dtaca leis an othar.
- Foirne ildisciplíneacha. D’fhéadfadh sé go mbeidh baill shealadacha san áireamh san fhoireann cúraim sláinte ar mhaithe le feidhmeanna áirithe agus ní nochtfaidh gairmithe cúraim sláinte faisnéis do bhaill shealadacha mura rud é go bhfuil siad faoi oibleagáid leordhóthanach rúndachta don leibhéal sin nochta.
Ba cheart d’fhoirne ildisciplíneacha straitéisí a chomhaontú le haghaidh aon nochtadh faisnéise rúnda taobh amuigh den fhoireann.
D’fhéadfadh sé go mbeidh critéir agus tairseacha éagsúla ag gairmithe cúraim sláinte le haghaidh nochtadh faisnéise rúnda, mar shampla i ndáil le sábháilteacht phoiblí. Tá sé riachtanach go gcuirfidh gach gairmí cúraim sláinte é nó í féin ar an eolas faoi na héagsúlachtaí sin agus go ndéanfaidh sé/sí aon nochtadh aige nó aici féin a mhodhnú dá réir.
- Foirne idir-ghníomhaireachta. Sa chás go mbeartaítear foireann ó ghníomhaireachtaí eile a thabhairt isteach, ba chóir go bpléifí é seo ar dtús leis an othar agus/nó lena n-ionadaí dlíthiúil. Ba chóir go soiléireofaí an cuspóir atá leis an ghníomhaireacht eile a thabhairt isteach chomh maith leis an chuspóir atá leis an pháirtiú faisnéise a bheartaítear.
Sa chás go ndiúltaíonn othar nó a n-ionadaí dlíthiúil toiliú le rannpháirtíocht gníomhaireachtaí eile, ba cheart go n-urramófaí a diúltú ach amháin sa chás go bhfuil leasanna sáraitheacha ann. (Féach Pointí 19-23.)
Sa chás go n-iarrann gníomhaireachtaí eile faisnéis faoi othair, ba chóir do ghairmithe cúraim sláinte ar dtús toiliú an othair nó a n-ionadaí dlíthiúil a iarraidh faoi pháirtiú den sórt sin, lena n-áirítear ábhar na faisnéise a nochtfar.
- Rólanna agus freagrachtaí dúbailte. Ba chóir do ghairmithe cúraim sláinte cásanna ina bhfuil freagrachtaí agus oibleagáidí dúbailte orthu i leith an othair chéanna a sheachaint nuair is féidir.
Sa chás go bhfuil freagrachtaí dúbailte ag gairmí cúraim sláinte tá sé tábhachtach go míneoidís don othar agus/nó dá n-ionadaí dlíthiúil ag tús comhairliúcháin nó measúnachta cé dó a bhfuil siad ag breathnú ar an othar agus cén cuspóir atá leis an chomhairliúchán nó leis an mheasúnacht. Ba cheart go ndéanfaí soiléir don othar agus/nó dá n-ionadaí dlíthiúil é fosta nach ndéileálfar leis an fhaisnéis a thabharfar mar fhaisnéis rúnda.
Faisnéis Othar a Chosaint, a Úsáid agus a Nochtadh chun Críocha Cúraim Sláinte nach mbaineann go díreach lena gCúram Sláinte
- Toiliú le húsáidí tánaisteacha. Ba chóir, sa chás gur féidir, go bhfaighfí saintoiliú ón othar nó óna n-ionadaí dlíthiúil sula mbainfear aon úsáidí tánaisteacha beartaithe as a bhfaisnéis phearsanta. Sa chás ina gcomhaontaítear le nochtadh, níor chóir, maidir le faisnéis trína bhfuil an t-othar inaitheanta, ach an méid is lú di is gá a úsáid le haghaidh gach críche dlisteanaí cúraim sláinte.
- Céannacht an othair a Chosaint. Ba cheart do ghairmithe cúraim sláinte a ndícheall a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil beartais agus prótacail chuí chun céannacht an othair a chosaint i bhfeidhm agus ag oibriú ina n-ospidéil agus ina n-aonaid agus i measc coimisinéirí seirbhíse i dtaca le húsáidí tánaisteacha cúraim sláinte ar fhaisnéis trína bhfuil an t-othar inaitheanta.
- Díthainmniú. Níor cheart faisnéis a choinneáil i bhfoirmeacha a chumasaíonn an t-othar a aithint ach amháin sa chás gur gá é ar mhaithe leis na críocha dá bhfuil sí á coinneáil. Ciallaíonn sonraí a rinneadh díthainmneach nach féidir le haon duine a thuilleadh an t-othar a aithint go díreach nó go neamhdhíreach ó na sonraí sin. Aon uair a bheartaítear sonraí a dhéanamh díthainmneach, ní mór don ghairmí cúraim sláinte na hothair agus/nó a n-ionadaí dlíthiúil a chur ar an eolas faoina bhfuil beartaithe agus faoin éifeacht chruinn a bheidh leis seo, go sonrach cumas othar a sonraí a rochtain agus a fháil amach cad chuige a bhfuil sí á húsáid agus mar sin agóid a dhéanamh i gcoinne na n-úsáidí sin. Ba cheart go gcuirfí othair agus/nó a n-ionadaí dlíthiúil ar an eolas faoi na críocha atá leis an phróiseáil a bheartaítear a dhéanamh ar shonraí tar éis iad a dhéanamh díthainmneach.
Oibleagáidí agus Fírinniúcháin i dtaca le Faisnéis trína bhfuil an tOthar Inaitheanta a Nochtadh chun Críoch nach mBaineann lena gCúram Sláinte
- Oibleagáidí dlí nochtadh a dhéanamh. Sa chás gur léir go bhfuil oibleagáid dlí nochtadh a dhéanamh ag éirí iomchuí i gcaitheamh an chaidrimh idir gairmí cúraim sláinte agus an t-othar, ba chóir go bpléifí é seo leis an othar agus/nó lena n-ionadaí dlíthiúil chomh luath agus is féidir mura rud é go mbainfeadh plé den sórt sin ann féin an bonn den chríoch atá leis an nochtadh. Sula ndéanfaidh gairmithe cúraim sláinte aon oibleagáid dlí féideartha maidir le nochtadh a chomhlíonadh, ní mór dóibh a dheimhniú dóibh féin gur léir go dtagann an cás faoin chatagóir cásanna ar gá le dlí nochtadh na dhéanamh iontu. Ní mór dóibh a chinntiú go ndéanfar gach argóint is féidir a chur go cuí i gcoinne nochtadh, a chur seo faoi bhráid an údaráis ar gá nochtadh a dhéanamh dó. Ní mór aon nochtadh a theorannú don mhéid a bhfuil gá leis agus don mhéid sin amháin.
- Nochtadh a Fhírinniú. Ba cheart do ghairmithe cúraim sláinte a chinntiú go bhfuil siad ar an eolas faoi aon fhorálacha nó phrionsabail dlí a bhaineann leis an tír chuí agus ar gá an measúnú ar leasanna a dhéanamh dá réir.
- Ar ócáidí inar gá nochtadh a dhéanamh chun cearta sáraitheacha tríú páirtí a chosaint, ní mór gach cás a mheas de réir a thuillteanas. Is é an slat tomhais ná an ndéanann scaoileadh faisnéise chun leas tríú páirtí a chosaint sárú go heisceachtúil ar an dualgas rúndachta atá ann don othar ar mhaithe le leas an phobail. Is ceisteanna le haghaidh breithiúnais mheáite iad cinntí chun faisnéis trína bhfuil an t-othar inaitheanta a nochtadh taobh amuigh de na seirbhísí sláinte áit nach bhfuil oibleagáid ann chun faisnéis a nochtadh.
I measc tosca eile, is tosca iad seo a leanas is ceart a bhreithniú le linn cinneadh den sórt sin a dhéanamh:
- tábhacht an leas atá i mbaol i gcás nach ndéantar nochtadh, mar shampla, d’fhéadfaí gurbh fhusa nochtadh a fhírinniú sa chás go raibh beatha nó sláine (fisiciúil nó síceolaíoch) tríú páirtí i mbaol;
- an dóchúlacht go dtarlóidh an díobháil sa chás ar leith, is é sin, d’fhéadfaí go bhfírinneofaí nochtadh sa chás go raibh dóchúlacht mhór ann go ndéanfaí díobháil do bheatha duine eile, ach nach bhfírinneofaí é sa chás go raibh dóchúlacht bheag ann go ndéanfaí díobháil;
- achomaireacht na díobhála, is é sin, b’fhéidir go bhfírinneofaí nochtadh, sa chás gur gá gníomhú láithreach chun an tríú páirtí a chosaint, ach ní sa chás nach bhfuil ach níos mó ná féidearthacht ann go mbeidh an t-othar ina bhagairt do dhuine eile;
- údarás atá cuí go leor gur féidir smaoineamh ar nochtadh a dhéanamh leis;
- an gá atá ann an nochtadh chun an díobháil a sheachaint, is é sin, nach féidir an díobháil a sheachaint gan an nochtadh a dhéanamh;
- an dóchúlacht go bhféadfadh an nochtadh an díobháil a sheachaint, is gá sa chás seo gur deimhin leis an ghairmí cúraim sláinte gur dócha go mór go seachnófar an díobháil don tríú páirtí nó don leas poiblí atá faoi chosaint dlí tríd an nochtadh a dhéanamh.
- Nochtadh ar mhaithe le leas othair neamhinniúil a chosaint. Sa chás go bhfuil othar neamhinniúil, is féidir nochtadh a fhírinniú ar mhaithe le leas an othair a chosaint. Braithfidh sé ar mheasúnú cúramach ar leasanna an othair i dtaca le rúndacht a chuid nó a cuid faisnéise a choinneáil agus na leasanna atá i mbaol muna ndéantar nochtadh an féidir nochtadh a fhírinniú sa chás áirithe.
- Dea-chleachtadh le haghaidh nochtadh fírinnithe. I ngach cás ina mbíonn breithiúnas i gceist, tathantaítear ar ghairmithe cúraim sláinte an cás a phlé le comhghleacaithe gan sonraí inaitheanta de chuid an othair a nochtadh agus, más gá, comhairle dhlíthiúil nó sainchomhairle eile a lorg. Sa chuid is mó de na cásanna ina gcinntear nochtadh a dhéanamh is gá dea-chumarsáid a bheith ann leis na hothair sin a bhfuil a rúndacht le sárú agus tacaíocht a bheith ar fáil dóibh. A luaithe is a chinntear nochtadh a dhéanamh bheadh an gnáth-nós imeachta dá réir seo a leanas.
- Ba cheart go dtabharfaí míniú ar na cúiseanna atá le páirtiú na faisnéise don othar agus/nó dá n-ionadaí dlíthiúil.
- Ba chóir don ghairmí cúraim sláinte tathaint ar an othar (agus/nó, más cuí, ar a n-ionadaí dlíthiúil) an t-údarás iomchuí a chur ar an eolas (mar shampla, na gardaí nó na seirbhísí sóisialacha). Má chomhaontaíonn an t-othar nó an t-ionadaí dlí, teastóidh ón ghairmí cúraim sláinte dearbhú a fháil ón údarás go ndearnadh an nochtadh sin.
- Má dhiúltaíonn an t-othar nó a n-ionadaí dlíthiúil gníomhú, ba chóir don ghairmí cúraim sláinte a chur in iúl dóibh ansin go bhfuil ar intinn aige nó aici an fhaisnéis a nochtadh don údarás nó duine iomchuí. Ba chóir dó nó di an t-údarás a chur ar an eolas ansin, agus gan ach faisnéis iomchuí á nochtadh aige nó aici agus an fhaisnéis a nocht sé nó sí a chur ar fáil don othar agus/nó dá n-ionadaí dlíthiúil.
- Ba cheart go mbeadh gairmithe cúraim sláinte a bheartaíonn faisnéis rúnda a nochtadh (cibé acu tar éis é a chur in iúl roimh ré don othar agus/nó dá n-ionadaí dlíthiúil nó gan é a chur in iúl) réidh chun a gcinneadh a mhíniú agus a fhírinniú don údarás má iarrtar orthu déanamh amhlaidh. Ba chóir go dtaifeadfadh an gairmí cúraim sláinte sa taifead cúraim sláinte mionsonraí an uile chomhrá, an uile chruinniú agus an uile choinne a raibh baint acu leis an chinneadh chun an fhaisnéis sin a nochtadh nó gan í a nochtadh.
Is é an eisceacht atá leis an ghnáthnós imeachta seo ná cás inarb é a thiocfadh as an duine is ábhar don nochtadh a chur ar an eolas go ndéanfar an nochtadh ná nach mbainfí amach an aidhm fhírinnithe atá leis an nochtadh.
Slándáil
- Slándáil. Nuair a chuirtear san áireamh an fhreagracht atá ag an ghairmí cúraim sláinte rúndacht an othair a choinneáil, ba chóir do ghairmithe a ndícheall a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil beartais agus prótacail chuí i bhfeidhm agus ag oibriú ina n-institiúidí agus i measc coimisinéirí seirbhísí chun slándáil faisnéise othar a choinneáil.
Ba cheart go gcuimhneodh gairmithe cúraim sláinte i gcónaí ar na hoibleagáidí diana príobháideachta agus slándála le linn cumarsáid a dhéanamh le hothair, lena n-ionadaithe dlíthiúla, lena gcúramóirí agus lena gcomhghleacaithe, go háirithe nuair a úsáidtear modhanna neamhdhíreacha cumarsáide mar ghutháin, ríomhphoist agus facsanna.